The sod is hard with frost at dawn,
Hunkered cattle chew the cud, steam above them,
Twin mountains stand – the Géarán and the Géarán’s Point
(the names are not important, nor the words, but what is seen) –
Stand swathed in white symmetry, an abstract form
With angles straight and gentle rising on each flank
To the zenith of the two peaks, and between
There sags a narrow ridge, a perfect curve;
Saddle bow on the hard horse of the world;
Or a recurve bow in Olympian hero’s grip –
He hits the heart, the bulls-eye every time;
Or Cupid’s bow atop luxuriant lips
Which make us itch to match them to our own.
But no, those images are all wide of the mark,
For now the mind throws up a simple shape
Full of mystery and standing in the lee
Of a crescent dune deep in the desert heart,
High angles from each side to each pole-tip
– two of them – and the canvas looping down
A breathless arc between, the night had come
And next the solitary tent there winked
A small fire’s boldness in orange and gold.
It has burned clear through my mind to the far side,
How I saw it through thin purple air
At hour of star-unfolding, clear
From the window of a cruising jumbo jet,
Craning my neck forward to look back,
Wishing I need never lose the sight,
But the angle narrowed, perspective became lost
And now maybe it was just a winking fire.
Tá an fód cruaidh le sioc ag lóchtaint gréine,
–Beithígh ina staic ag cogaint, gal lasnairde –
Seasann na hardchnoic cúplacha, an Géarán is a Phointe,
(níl na hainmeacha tábhachtach, ná fiú na focail, ach an rud a fheictear)
Fillte i mbrat geal bán, siméadrach, teibíocht as cloigeann Ghréagach
Le huillinneacha caoine rialta ag éirí ar an dá thaobh
Go dtí dígeann an dá bhuaice agus crochta idir
An dá rinn siúd, an drom tanaí ina chuar foirfe:
Corrán diallaite ar chapall cruaidh na cruinne;
Nó bogha athchuartha i ngreim ag laoch Oilimpeach
A bhuaileann súil na sprice le gach iarracht;
Nó bogha Chiúpid os cionn bharra beola méithe
A chuireann tochas ionainn chun a póige.
Ach ní hea, ní hiad, táid na samhail uilig siúd dulta ar fóraíl,
Mar anois is cuimhin liom crot maorga símplí lán mistéire
Ina sheasamh i gcúl dumha gainimh i lár an Sahára,
Uillinneacha arda ar dhá thaobh suas go binn cuaillí
– dhá cheann – is an anairt gheal ag lúbadh síos i mbogha aoibheann
Eatarthu, an oíche tagaithe agus taobh an phubaill aonair
Bhí crógacht tine óir is oráiste ag sméideadh.
Atá sé dóite fós im’ chuimhne, ólta inti siar síos,
Mar a bhfaca é trén aer scáinte corcra in am oscailt réalta
Ón 747, ag scrogaireacht muiníl chun cinn ag féachaint
Siar d’fhonn nach dtréigfeadh an radharc mo shúile choíche,
Ach do ghéaraigh ar an uilinn gur éirigh peirspictíocht dodhéanta
Is anois, b’fhéidir nach raibh ann riamh ach sméideadh tine.