A dark, spirit-slumping
woolly-hat-pulled-down-even-inside
kind of day. Beside me
the black cat snores in his chair,
folded in on himself. On the hob
spuds boiling for the hens …
Something I heard recently
is lodged in my inner eye:
that snow falls from the skies of Mars,
pouring down from the black depths
only to vaporise
before it could touch the ground.
The snow sings in its great distances
and the cats joins in:
not ours to reason why,
our lot is to freeze and melt,
freeze and melt forever,
the red will never be white.
Lá dorcha gránna, beifeá bailithe;
Caipín olla de dhíth sa chistin,
An cat dubh ar chathaoir
bísithe timpeall air féin.
Laistiar díom corcán prátaí gréine
Á mbeiriú dos na cearca.
Fionnachtan a chuala ó chianaibh
Reoite tamall im’ shamhlaíocht;
Go mbíonn sneachta á chur ó spéartha Mharsa,
Go saolaítear é na mílte in airde
Is go ndéantar gal dó in athuair
Sara sroicheann riamh tonn talún.
Canainn lóipíní thar fholús fairsing
Is ardaíonn an cat guth i gcomhcheol;
Ní h-ann dúinn ár ndán a cheistniú,
Ní h-ann dúinn ach reo agus leá,
Reo agus leá go buan
Ní chuirtear riamh an rua ina gheal.